€12.00
Líon:
Leabhar Nua na nAmhrán
Leabhar Nua na nAmhrán
ISBN: 9781784441623
Clúdach: Bog
Foilsitheoir: Cló Iar-Chonnacht

Is comórtas tábhachtach do chumadóirí amhrán é Comórtas Cuimhneachán Sheáin Eoin Uí Shúilleabháin a bhíonn ar siúl ag an Oireachtas chuile bhliain. Comórtas d’amhráin nuachumtha le fonn traidisiúnta e, agus é mar aidhm aige amhránaíocht agus cumadóireacht den chineál seo a chothú trí amhráin nua a chur ar fáil go rialta.

Suas le céad amhrán atá sa gcnuasach seo, amhráin de chuid na glúine seo a cumadh ó cheann ceann na tíre, go h-áirithe sna Gaeltachtaí, le scór bliain anuas nó mar sin. Is fíorbheagán acu atá i gcló in aon leabhar cheana ná atá taifeadta ar aon dlúthcheirnín. Aidhm an chnuasaigh ná léitheoirí a chur á léamh den chéad uair, foghlaimeoirí a chur á bhfoghlaim agus, níos tábhachtaí fós, amhránaithe a chur á gcanadh is á dtaifeadadh óir is maith is fiú sin mar gheall ar a bhfiúntas, a saibhreas is a gcaighdeán ard cumadóireachta is ceardaíochta.

Earra(í) eile a thaitneodh leat, b'fhéidir