Ag cuardach bronntanas uathúil do na leanaí i do shaol? Tá na ciseáin seo lán de leabhair iontacha idirghníomhacha atá deartha chun cabhrú le leanaí an Ghaeilge a fhoghlaim agus spéis sa teanga a chothú iontu i mblianta luatha an tsaoil.
Cuireadh an bosca seo le chéile do leanaí 0-4 bliana d’aois. Tá ábhar an bhearta feiliúnach do leanaí atá ag fás aníos i dteaghlach ina labhraítear an Ghaeilge go laethúil agus dóibh siúd nach bhfuil mórán Gaeilge acu sa bhaile araon.
Tá an beart seo lán de leabhair áille a bhfuil léaráidí geala iontu agus puzail idirghníomhacha a chuideoidh le leanaí óga an teanga a shealbhú agus a chuideoidh lena bhforbairt chognaíoch.
Seo thíos na táirgí a gheobhaidh tú i do bhosca bronntanas do leanaí 0-4 bliana d’aois:
An Chéad 100 Uimhir
Cé mhéad ainmhí atá sa chró? Cuardaigh na crosóga mara! Cá bhfuil na báid? Bainfidh páistí óga an-spraoi as an leabhar dathannach seo. Tá breis is 50 cluaisín ann a chabhróidh leis an bpáiste eolas a chur ar uimhreacha agus ar an gcomhaireamh.
Ainmhithe
Is leabhar ildaite faoi chlúdach crua é seo do leanaí óga ina ndírítear ar na hainmhithe. Baintear úsáid as codarsnacht dathanna chun dul i bhfeidhm ar leanaí óga agus chun a gcéadfaí a spreagadh. Cabhraíonn spreagadh físiúil sa luathshaol le forbairt an linbh. Bainfidh gach leanbh óg spraoi as an leabhar seo.
Leabhar Míreanna Mearaí: Dathanna
Is iontach an bréagán seo do theaghlaigh ar mian leo úsáid na Gaeilge a chur chun cinn sa bhaile. Tugtar tacaíocht do leanaí scileanna nua a fhorbairt ar nós cruthanna agus dathanna a chomhaireamh agus a aithint. Dírítear ar na dathanna agus an léiriú a fhaightear orthu sa domhan mórthimpeall orainn? Tá pictiúir ar ardchaighdeán agus míreanna mearaí láidre a chuirfidh ar chumas an pháiste eolas a fháil ar an saol mórthimpeall orthu ar fáil sa bhunleabhar móréilimh seo.