Fógra | Notice
Fógra |


I gcás táirgí nach gcuireann Gaelchultúr i gcló tá baol ann nach seachadfar iad go dtí an 17 Eanáir mar gheall ar stocáireamh bliantúil ár gcuid soláthraithe. Gabhaimid leithscéal as aon mhíchaoithiúlacht.


Notice |


For products not published by Gaelchultúr dispatch may be delayed until 17 January while our suppliers conduct their annual stocktake.


We apologise for any inconvenience.
Dún
€12.00
Líon:
500 Seanfhocal, Proverbs, Refranes, Przyslow
500 Seanfhocal, Proverbs, Refranes, Przyslow
ISBN: 978-1-901176-75-9
Bliain foilsithe: 2007
Clúdach: Bog
Foilsitheoir: Cois Life

Díolaim seanfhocal coitianta i gceithre theanga, maisithe le líníochtaí Fintan Taite. Cnuasach bunaithe ar shaíocht agus ar ghaois na Gaeilge, le haistriúcháin nó comhleaganacha i mBéarla, Spáinnis agus Polainnis. Saibhreas na Gaeilge in oiriúint do phobal ilchultúrtha na hÉireann de gach aois agus cúlra.

Díolaim mhealltach de 500 seanfhocal Gaeilge roghnaithe ag Donla uí Bhraonáin agus leagan Béarla curtha aici leo. Aistriúcháin go Spáinnis curtha ar fáil ag Carmen Rodriguez Alonso agus leaganacha Polainnise déanta ag Anna Paluch. Fáiscthe as ré eile, saol tuaithe agus saol bocht cuid mhaith, ach fírinne agus léargas saoil iontu a bhaineann chomh mór céanna le cultúir eile agus le saol an lae inniu.

Earra(í) eile a thaitneodh leat, b'fhéidir