Cuir eolas agus aithne ar na neacha áille beo atá ina gcónaí i do thimpeall. Cruthaigh gairdín a mbeidh éin agus ainmhithe ag iarraidh cuairt a thabhairt air. Lán de smaointe don gharraíodóir óg, sa bhaile nó ar scoil.
Leabhar aoibhinn le saol draíochtúil an nádúir a chur ar a súile do pháistí. Tugann Gairdín an Nádúir ar aistear draíochtúil tú, díreach taobh amuigh den doras cúil! Faigh amach conas gairdín a leagan amach a mbeidh éin, féileacáin agus ainmhithe go leor eile ag iarraidh cuairt a thabhairt air.
Agus an gaol idir an duine daonna agus an timpeallacht ag éirí níos tábhachtaí in aghaidh an lae, is leabhar an-tráthúil atá anseo.