PMM: €49.95
€29.95
Lascaine: 40%
Líon:
Póstaer Pearsan
Póstaer Pearsan
Póstaer agus cluiche idirghníomhach chun na forainmneacha réamhfhoclacha a chleachtadh sa rang Gaeilge
ISBN: 9780956361479
Bliain foilsithe: 2013
Foilsitheoir: Gaelchultúr

Tá na forainmneacha réamhfhoclacha ar cheann de na gnéithe is deacra de ghramadach na Gaeilge le foghlaim – agus le múineadh. Is gné lárnach den teanga iad, áfach, agus tá sé ríthábhachtach go mbeidís ar eolas ag foghlaimeoirí chun gur féidir leo cumarsáid éifeachtach a dhéanamh trí Ghaeilge.

Is minic a fhoghlaimítear na forainmneacha réamhfhoclacha de ghlanmheabhair ach nach mbítear ábalta iad a úsáid go cruinn in abairtí. Cabhróidh Póstaer Pearsan le foghlaimeoirí agus le múinteoirí araon dul i ngleic leis an deacracht seo agus éascóidh an cluiche idirghníomhach próiseas na foghlama.

Tá na nithe seo a leanas le fáil sa phacáiste:

• breis is 100 cárta daite a bhfuil na forainmneacha réamhfhoclacha priontáilte orthu
• póstaer mór ar a bhfuil pictiúir tharraingteacha agus spásanna leis na cártaí a ghreamú iontu
• leabhrán ina bhfuil treoracha do chluiche spreagúil a chuirfidh ar chumas foghlaimeoirí na forainmneacha réamhfhoclacha a úsáid i gceart
• réimse frásaí úsáideacha a bheidh foghlaimeoirí ábalta a úsáid i gcomhthéacsanna éagsúla agus a chuirfidh go mór lena saibhreas Gaeilge.

Póstaer Pearsan oiriúnach do dhaltaí scoile agus d’fhoghlaimeoirí fásta araon.

Tá Gaelchultúr buíoch de COGG (an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta) as tacaíocht airgid a chur ar fáil don tionscadal seo.