údar
Éamonn Ó Dónaill

Is as Gaeltacht Ghaoth Dobhair ó dhúchas é Éamonn Ó Dónaill. Chaith sé sé bliana (1996-2002) ag obair mar Stiúrthóir ar an Teanglann i Roinn na Nua-Ghaeilge, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, agus mar chomhairleoir teanga ina dhiaidh sin. Bhí sé ina eagarthóir ar an iris idirlín Beo! (www.beo.ie) ó bunaíodh í sa bhliain 2001 go dtí Meán Fómhair 2007.

Bhí Éamonn ina Chomhordaitheoir Teanga ar dhá shraith teilifíse d’fhoghlaimeoirí Gaeilge go dtí seo: Turas Teanga (www.rte.ie/tv/turasteanga), a craoladh ar RTÉ in 2004, agus Now You’re Talking, a craoladh ar RTÉ agus an BBC i 1995. Scríobh sé an dá leabhar a bhí ag dul leis na sraitheanna sin chomh maith. Is iad Gramadach gan Stró! (2008/2016) (www.siopa.ie), Essential Irish Grammar (2010) agus Gaeilge gan Stró! - Lower Intermediate Level (2010) (www.siopa.ie) na leabhair is deireanaí uaidh.

Tá sé ar dhuine de bhunaitheoirí agus de stiúrthóirí an chomhlachta Gaelchultúr Teoranta (www.gaelchultur.com). Tá Éamonn ag feidhmiú mar Stiúrthóir Oideachais Ghaelchultúir ó bhí 2005 ann.

 

Tuilleadh ó Éamonn Ó Dónaill