Alex Hijmans

Rugadh Alex Hijmans in Heemskerk, san Ísiltír, i 1975. Bhog sé go Gaillimh i 1995 chun Gaeilge a fhoghlaim mar chuid dá chéim sa Léann Ceilteach ag Ollscoil Utrecht na hÍsiltíre. Tar éis na céime, bhain sé an tArd-Dioplóma i gCumarsáid Fheidhmeach amach in Ollscoil na Gaillimhe agus thug sé faoi shlí bheatha san iriseoireacht in Éirinn. D’oibrigh Alex le Foinse, Raidió na Gaeltachta, RTÉ agus Nuacht TG4 ar feadh deich mbliana. D’aistrigh sé úrscéal do dhéagóirí, Maistín (Cló Iar-Chonnacht, 2001), ó Ollainis go Gaeilge agus léiríodh a dhráma Aingilín i mBaile Átha Cliath agus i nGaillimh in 2002. Foilsíodh gearrscéalta le hAlex sna hirisí Comhar, Crannóg agus Dúillí Éireann.

Ag deireadh na bliana 2007 thug Alex aghaidh ar Mheiriceá Theas, áit ar chaith sé leathbhliain ina chónaí i mbruachbhaile bocht - nó favela - ar imeall Salvador, an tríú cathair is mó sa Bhrasaíl. Sin is ábhar dá shaothar Favela (Cois Life, 2009) a ainmníodh ar an ngearrliosta de Ghradam Uí Shúilleabháin 2010, (Leabhar na Bliana do Dhaoine Fásta). Beidh a úrscéal nua Aiséirí ag teacht amach in 2011.

 

Tuilleadh ó Alex Hijmans