Breandán Ó hEithir

Rugadh Breandán Ó hEithir ar an 18 Eanáir 1930 i mBóthar na Trá i nGaillimh. Tógadh é in Inis Mór ar Oileáin Árann, áit a raibh a thuismitheoirí, Delia (Bríd) Ní Fhlatharta agus Pádraig Ó hEithir, ina múinteoirí bunscoile. Ba dheirfiúr leis an scríbhneoir clúiteach Liam Ó Flatharta í a mháthair.

D’fhreastail Breandán ar scoil náisiúnta Chill Rónáin. Fuair sé a chuid meánscolaíochta i gColáiste Éinde i nGaillimh, a bhí ar cheann de na coláistí oiliúna múinteoireachta ag an am. D’éirigh leis scoláireacht ollscoile a fháil agus thug sé aghaidh ar Choláiste na hOllscoile, Gaillimh, chun BA a dhéanamh. Níor chríochnaigh sé an chéim riamh, áfach.

D’oibrigh sé mar thimire leabhar le Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge idir 1952 agus 1954 agus chaith sé dhá bhliain ag obair mar eagarthóir leis an gcomhlacht foilsitheoireachta Gaeilge Sáirséal agus Dill ina dhiaidh sin.

Thosaigh Breandán ag scríobh alt míosúil don iris Comhar i 1956 agus ceapadh mar eagarthóir ar an iris sin é sna seascaidí. Chaith sé tréimhse ag obair mar eagarthóir Gaeilge le Scéala Éireann freisin. Bhí sé ag obair ar an gclár nua teilifíse seachtainiúil Féach ó 1967, i dteannta leithéidí Phroinsias Mhic Aonghusa agus Éamoinn Uí Mhuirí. Bhíodh timpeall 600,000 ag breathnú ar an gclár agus é i mbarr a réime. Fostaíodh Breandán ar conradh le RTÉ i 1968.

Phós sé Catherine Von Hildebrand i mí Lúnasa 1957. Cé gur i bPáras a rugadh Catherine, b’as Sligeach a máthair agus b’as an nGearmáin a hathair. Bhí cúigear clainne orthu: ceathrar mac agus iníon.

Scríobh Breandán leabhair i nGaeilge agus i mBéarla. Fuair a chéad úrscéal, Lig Sinn i gCathú, a foilsíodh i 1976, ardmholadh ó na léirmheastóirí agus bhí an-díol air. Tá an t-úrscéal lonnaithe i mBaile an Chaisil le linn dheireadh seachtaine fhorógra na Poblachta sa bhliain 1949. Fuair sé duais Oireachtais agus Gradam an Oireachtais mar gheall ar ardchaighdeán na scríbhneoireachta san úrscéal seo.

Foilsíodh an dara húrscéal óna pheann, Sionnach ar mo Dhuán, i 1988. Bhain leabhar eile leis, Over the Bar (1984), faoi Chumann Lúthchleas Gael, an-cháil amach. I measc na leabhar eile a scríobh sé bhí A Begrudger’s Guide to Irish Politics (1985), An Nollaig Thiar (1989), A Pocket History of Ireland (1989) agus An Chaint sa tSráidbhaile (1991).

In Aibreán 1983, d’fhág Breandán RTÉ le dul leis an scríbhneoireacht ar bhonn lánaimseartha.

Chaith sé sealanna éagsúla i bPáras le linn na n-ochtóidí agus sa chathair sin a buaileadh tinn faoi dheireadh é i bhfómhar na bliana 1990. D’fhill sé ar Bhaile Átha Cliath agus chuir a dhochtúir isteach in Ospidéal Naomh Uinseann é. Fuair sé bás ansin le hailse ar an 26 Deireadh Fómhair 1990.

Bunaithe ar alt in Vicipéid

 

Tuilleadh ó Breandán Ó hEithir