€100.00
Líon:
Bosca Bronntanas: Foghlaimeoirí Fásta – Bunscileanna Teanga
Bosca Bronntanas: Foghlaimeoirí Fásta – Bunscileanna Teanga
Clúdach: Bog

An bhfuil duine speisialta i do shaol a bhfuil spéis mhór aige an Ghaeilge a fhoghlaim ach nach bhfuil a fhios aige cá háit le tosú? Tuigimid go dtógann sé go leor dúthrachta chun teanga nua a fhoghlaim ach sna bearta seo, a cuireadh le chéile go cúramach, tá gach a theastaíonn ón bhfoghlaimeoir chun iad féin a thumadh sa teanga agus a scileanna a fhorbairt ar bhealach spraíúil agus idirghníomhach.

Cuireadh an beart seo le chéile d’fhoghlaimeoirí nach raibh aon taithí acu ar an nGaeilge roimhe seo nó a bhfuil tuiscint an-bhunúsach acu ar an teanga. Tabharfar na huirlisí uile dóibh chun teanga nádúrtha, laethúil a fhoghlaim go tapa agus go héifeachtach.

Tá luach €179 ar tháirgí an bhosca bronntanas seo ach tá lascaine ollmhór á thabhairt againn do chustaiméirí Siopa.ie agus is féidir é a cheannach ar €100 le linn shéasúr na Nollag.

Féach ar an méid is féidir leat a thabhairt (nó a fháil duit féin!) lenár mbeart seo do dhaoine fásta a bhfuil bunscileanna Gaeilge acu:

1. Rochtain 12 mhí ar Gaeilge gan Stró! – Beginners Level
Is cúrsa teanga ilmheán do dhaoine fásta é Gaeilge gan Stró! – Beginners Level atá ar fáil ar ardán ríomhfhoghlama Ghaelchultúir, Ranganna.com. Tá sé dírithe orthu siúd nach ndearna staidéar ar an nGaeilge roimhe seo nó nach bhfuil ach cúpla focal den teanga ar eolas acu. Beidh foghlaimeoirí a thabharfaidh faoin gcúrsa ag obair leo féin, neamhspleách ar mhúinteoir. Is é aidhm an chúrsa ná an mhuinín agus na scileanna teanga a thabhairt d’fhoghlaimeoirí atá de dhíth chun cumarsáid a dhéanamh trí Ghaeilge go laethúil.

Is é Ranganna.com an áit is fearr le Gaeilge a fhoghlaim ar líne. Tá sé lán de chleachtaí idirghníomhacha spraíúla. Nuair a chuireann tú cleachtadh i gcrích faigheann tú aiseolas láithreach, tugtar scór duit agus tugtar na freagraí cearta duit freisin. Is féidir leat Gaeilge a fhoghlaim ar do luas féin agus ó áit ar bith ar domhan.

2. Irish in Your Pocket
Is bronntanas den scoth é an treoirleabhar beag teanga seo do gach foghlaimeoir. Mínítear bunrialacha gramadaí Gaeilge sa leabhrán seo, chomh maith le frásaí laethúla agus bailiúchán de na focail Ghaeilge is coitianta. Deartha go néata, is féidir an treoirleabhar gramadaí seo a fhágáil i do phóca go dtí go bhfuil sé ag teastáil uait.

3. Na Gamail (Roald Dahl)
Tá Na Gamail ar cheann de na leabhair is mó éilimh le Roald Dahl. Insítear scéal faoi bheirt ghamal uafásacha agus na cleasanna a imríonn siad ar a chéile. Is iad an tUasal agus Bean Twit na daoine is bréana, is gránna ar domhan. Is fuath leo gach rud - seachas bobanna a bhualadh ar a chéile, éin bhochta a chur i bpióga, agus a gcuid moncaithe, Muintir Mhugal Bhump, a chur ina seasamh ar a gcinn an lá ar fad. Ach anois tá Muintir Mhugal Bhump bréan díobh agus tá díoltas uathu!

4. An Teanga Bheo - Gaeilge Chonamara
Cuntas gearr ar Ghaeilge labhartha Chonamara do mhic léinn, do mhúinteoirí, do chraoltóirí agus do chuairteoirí chun na Gaeltachta. Léirítear na tréithe is tabhachtaí den ghramadach chomh maith le húsáid mórán focal agus frásaí coitianta.