€100.00
Líon:
Bosca Bronntanas: Foghlaimeoirí Fásta – Ardscileanna Teanga
Bosca Bronntanas: Foghlaimeoirí Fásta – Ardscileanna Teanga
Clúdach: Bog

Cad ba chóir duit a cheannach dóibh siúd atá gafa leis an nGaeilge? Cad faoi bhronntanas na gramadaí agus an chruinnis? Tuigimid nach bhfuil grá ag gach duine don ghramadach ach geallaimid duit go bhfuil an bosca seo ina bhronntanas foirfe do chainteoirí líofa agus gúrúnna gramadaí araon.

Tá réimse leabhar móréilimh chomh maith le síntiús bliana do chúrsaí ríomhfhoghlama Ghaelchultúir ar Ranganna.com sa bheart seo - is bronntanas den scoth é don Ghaeilgeoir i do shaol!

Tá luach €173 ar tháirgí an bhosca bronntanas seo ach tá lascaine ollmhór á thabhairt againn do chustaiméirí Siopa.ie agus is féidir é a cheannach ar €100 le linn shéasúr na Nollag.

Féach ar an méid is féidir leat a thabhairt (nó a fháil duit féin!) lenár mbeart seo do dhaoine fásta a bhfuil ardscileanna Gaeilge acu:

1. Rochtain 12 mhí ar Gramadach gan Stró!
Is cúrsa teanga ilmheán do dhaoine fásta é Gramadach gan Stró! atá ar fáil ar ardán ríomhfhoghlama Gaelchultúr Ranganna.com. Tá an cúrsa dírithe ar dhaoine a bhfuil caighdeán réasúnta maith bainte amach acu sa Ghaeilge labhartha cheana féin ach ar mian leo feabhas a chur ar a gcuid gramadaí agus cur lena saibhreas sa teanga. Tá an cúrsa seo oiriúnach dóibh siúd nach dtuigeann cúrsaí gramadaí de ghnáth agus a gcuireann rialacha casta mearbhall orthu.

Is é Ranganna.com an áit is fearr le Gaeilge a fhoghlaim ar líne. Tá sé lán de chleachtaí idirghníomhacha spraíúla. Nuair a chuireann tú cleachtadh i gcrích faigheann tú aiseolas láithreach, tugtar scór duit agus tugtar na freagraí cearta duit. Is féidir leat Gaeilge a fhoghlaim ar do luas féin agus ó áit ar bith ar domhan.

2. Cuisle an Chósta (Catherine Foley)
Bailiúchán soléite seo de cholúin raidió agus nuachtán, a thugann léargas suimiúil ar shaol laethúil phobal cheantar na Rinne, agus ar chultúr agus oidhreacht na háite.

3. Gearrscéalta an Chéid – (Curtha in eagar ag Gearóid Denvir and Aisling Ní Dhonnchadha)
Fiche gearrscéal den scoth atá anseo bailithe le chéile faoi aon chlúdach amháin ag ceiliúradh fhorbairt ealaín na gearrscéalaíochta ón mbliain 1900 go 2000.