Úrscéal faoin idéalachas, dílseacht, grá... agus caife.
Is saighdiúir de chuid na cúise í Rebekka Vogelzang, bean óg as an Ísiltír a d’fhoghlaim Gaeilge agus í ag obair i dteach caife Gaelach i gcathair na Gaillimhe. Cuireann sí a croí agus a hanam isteach i ngach uile bhonnóg dá mbácálann sí agus i ngach uile chupán espresso dá ndéanann sí, toisc go dtuigeann sí go bhfuil slánú na teanga ag brath air. Ach cé a shlánóidh Rebekka?