Scéal eachtraíochta, aicsin agus grá é Iníon Keevack, atá suite i gcríocha sneachta Mheiriceá Thuaidh don chuid is mó. Den chine dearg í Neeta, iníon Keevack, agus imirceach óg ó Éirinn é Seán agus baint acu le cinniúint a chéile. Casfar Aintín Mildred ort sna leathanaigh seo agus bordello faoina cúram; casfar Wild Bill agus carachtair eile ort. Bainfidh tú aoibhneas as cumas an údair tírdhreach agus dúlra na gcríoch sneachta a léiriú duit.