Ba é an tAthair Donnchadh Ó Floinn, Ollamh le Gaeilge i gColáiste Phádraig, Maigh Nuad (1940 – 1964), ba mhó a shaothraigh fealsúnacht agus diagacht dhúchas na Gaeilge lena linn. D’fhág sé buíon scoláirí ina dhiaidh a choinnigh an bladhaire ar lasadh, ach sa lá atá inniu ann is beag cuimhne atá air féin ná ar a léachtaí spreagúla. Sin é an fáth ar bheartaigh Cumann na Sagart ar an chnuasach seo d’aistí a scríobh sé a chur le chéile. An tAthair Pádraig Ó Croiligh a chuir eagar orthu agus a scríobh an réamhrá.