Fógra | Notice
Déanfaidh siopa.ie gach iarracht orduithe na Nollag a phróiseáil chomh luath agus is féidir. Tá baol ann, áfach, nach ndéanfar ordú a sheachadadh roimh an Nollaig de dheasca an choróinvíris agus na srianta atá i bhfeidhm timpeall an domhain. Má tá táirge á ordú agat lasmuigh d'Éirinn bí airdeallach ar dhátaí deireanacha seachadta An Post thíos.

Tá dátaí deireanacha seachadta An Post ar fáil anseo.

Glacfar le horduithe in Éirinn a bhaineann le táirgí de chuid Ghaelchultúir ar siopa.ie go dtí an 20 Nollaig 2020. Glacfar le horduithe in Éirinn a bhaineann le táirgí eile ar siopa.ie go dtí meán lae, an 16 Nollaig 2020. Déanfar aon ordú a gheofar tar éis an ama agus an dáta sin a phróiseáil i ndiaidh na Nollag.

Siopa.ie will make every effort to process Christmas orders as quickly as possible. However, there is a risk that an order may not be delivered before Christmas due to the coronavirus and the restrictions in place around the world. If you are placing an order from outside of Ireland please be aware of the last postal dates with An Post below.

Last postal dates with An Post here.

Orders within Ireland that relate to Gaelchultúr products will be accepted on siopa.ie until 20 December 2020. Any other orders within Ireland will be accepted on siopa.ie until midday, 16 December 2020. Any orders placed after that time and date will be processed after Christmas.
Dún
€20.00
Líon:
Gramadach gan Stró!
Gramadach gan Stró!
Eagrán 4 - 2016
ISBN: 978-0-9563614-9-3
Bliain foilsithe: 2016
Clúdach: Bog
Foilsitheoir: Gaelchultúr
Tá Gramadach gan Stró! dírithe ar dhaoine a bhfuil caighdeán réasúnta maith bainte amach acu sa Ghaeilge labhartha cheana féin ach ar mian leo feabhas a chur ar a gcuid gramadaí. Tá sé oiriúnach dóibh siúd nach dtuigeann leabhair ghramadaí de ghnáth agus a gcuireann rialacha casta mearbhall orthu.

Is é seo an ceathrú heagrán de ghraiméar móréilimh Ghaelchultúir, a bhfuil breis is 17,000 cóip de díolta ó foilsíodh den chéad uair é in 2008. Tá an t-eagrán nua méadaithe seo curtha in oiriúint don Chaighdeán Oifigiúil a foilsíodh in 2016 agus dírítear ann ar roinnt gnéithe den ghramadach nach raibh aon eolas tugtha fúthu san eagrán deireanach. Tá ceachtanna breise curtha ar fáil freisin.

D’fhéach an t-údar le simpliú a dhéanamh ar go leor de na rialacha agus de na moltaí atá le fáil sa Chaighdeán Oifigiúil agus rinne sé iarracht iad a chur i láthair ar bhealach simplí, sothuigthe.

Ní fhéachtar sa leabhar seo le cur síos cuimsitheach a thabhairt ar ghramadach na Gaeilge; tá na gnéithe is lárnaí den ghramadach sin roghnaithe ag an údar agus tá siad curtha i láthair go soiléir gonta. Ní bhaintear úsáid as téarmaíocht chasta ach tugtar neart samplaí chun patrúin éagsúla a léiriú.

Tá béim láidir sa leabhar ar úsáid laethúil na teanga agus tá eolas tugtha ann mar gheall ar na difríochtaí idir an rud a scríobhtar agus na leaganacha a bhíonn le cloisteáil sa chaint.

Tá ceachtanna le fáil i ngach aonad agus tá freagraí na gceachtanna sin tugtha ag deireadh an leabhair, rud a chabhróidh leis an úsáideoir agus é ag iarraidh greim a fháil ar na rialacha éagsúla.

Tá cúrsa cruinnis ar líne, bunaithe ar an leabhar, ar fáil ag www.ranganna.com.

Tá aonad samplach ar fáil anseo: Aonad 7: An Aidiacht 1 (An Aidiacht san Uatha agus san Iolra)

Earra(í) eile a thaitneodh leat, b'fhéidir