PMM: €90.00
€50.00
Lascaine: 44%
Líon:
Beginner Bundle - Notre Dame
Beginner Bundle - Notre Dame
Gaeilge gan Stró! - Beginners Level (Leabhar), Gaeilge gan Stró! - Beginners Level (Cúrsa ar Líne - 3 mhí) agus QuickGuide Irish Grammar
Foilsitheoir: Gaelchultúr

Gaeilge gan Stró! Beginners Level (Leabhar)

Is cúrsa teanga ilmheán é Gaeilge gan Stró! – Beginners Level d’fhoghlaimeoirí fásta. Tá sé oiriúnach do dhaoine nach bhfuil Gaeilge ar bith acu nó nach bhfuil acu ach roinnt abairtí bunúsacha. Tá an bhéim ar fhorbairt scileanna labhartha agus éisteachta ach tá deiseanna ag an bhfoghlaimeoir an teanga a scríobh agus a léamh freisin. Múintear an ghramadach i gcomhthéacs, de réir mar a bhíonn sí ag teastáil.

Is éard atá sa chúrsa seo ná leabhar agus ceithre dhlúthdhiosca. Tá leagan ar líne den chúrsa ar fáil ar shuíomh ríomhfhoghlama Ghaelchultúir, www.ranganna.com. Is féidir an leabhar agus na dlúthdhioscaí a úsáid neamhspleách ar an gcúrsa ar líne.

Tá sé mar aidhm ag Gaeilge gan Stró! – Beginners Level cabhrú leo siúd a thabharfaidh faoin gcúrsa:

• nathanna coitianta laethúla agus frásaí bunúsacha a thuiscint;

• iad féin agus daoine eile a chur in aithne, agus ceisteanna a chur agus a fhreagairt mar gheall ar shonraí pearsanta (e.g. cúlra, áit chónaithe, teaghlach);

• comhrá simplí a dhéanamh le cainteoir atá ag labhairt go mall agus go soiléir agus atá sásta cabhair a chur ar fáil;

• stór focal a fhoghlaim ag baint le topaicí laethúla;

• tuiscint a fháil ar ghnéithe bunúsacha de ghramadach na Gaeilge.

Ta aonad samplach ar fáil anseo - Unit 1: Meeting People

Gaeilge gan Stró! Beginners Level (Cúrsa ar Líne - 3 mhí)

Is cúrsa teanga ilmheán do dhaoine fásta é Gaeilge gan Stró! – Beginners Level. Tá sé dírithe ar dhaoine nach ndearna staidéar ar an nGaeilge cheana féin nó nach bhfuil acu ach cúpla focal. Beidh foghlaimeoirí a thabharfaidh faoin gcúrsa ag obair leo féin, neamhspleách ar mhúinteoir.

Is é aidhm an chúrsa ná an mhuinín agus na scileanna teanga a thabhairt d’fhoghlaimeoirí atá ag teastáil chun cumarsáid a dhéanamh trí Ghaeilge go laethúil. Tá an bhéim ar fhorbairt scileanna labhartha agus éisteachta ach tugtar deiseanna don fhoghlaimeoir an teanga a scríobh agus a léamh freisin. Múintear an ghramadach i gcomhthéacs, de réir mar a bhíonn sí ag teastáil.

Tá sé mar aidhm ag Gaeilge gan Stró! – Beginners Level cabhrú leis an té a thabharfaidh faoin gcúrsa:

• frásaí agus nathanna bunúsacha a thuiscint agus a úsáid

• é/í féin nó daoine eile a chur in aithne agus ceisteanna a fhreagairt faoin saol laethúil agus sonraí pearsanta a thabhairt, e.g. an áit ina bhfuil sé/sí ina c(h)ónaí, daoine a bhfuil aithne aige/aici orthu agus rudaí atá aige/aici féin

• cumarsáid a dhéanamh i mbealach simplí le cainteoirí Gaeilge i gcomhthéacsanna sóisialta

• stór focal a fhoghlaim

• tuiscint bhunúsach a fháil ar ghnéithe éagsúla den ghramadach.

QuickGuide™ Irish Grammar

Is áis atá an-éasca a úsáid é QuickGuide™ Irish Grammar ina ndírítear ar na príomhghnéithe de ghramadach na Gaeilge. Cuireann an dearadh nuálach agus an scéim dathanna ar chumas an úsáideora eolas a aimsiú go tapa, agus beidh na míniúcháin shoiléire sholéite ina gcabhair mhór acu siúd a úsáideann an Ghaeilge go rialta agus ag lucht foghlama na teanga araon.

Tá na míniúcháin ghramadaí as Béarla agus cuirtear aistriúchán ar fáil de na samplaí Gaeilge ar fad, rud a fhágann gur féidir le foghlaimeoirí ag gach leibhéal cumais an áis seo a úsáid. Tá an bhéim ar an teanga laethúil agus ar fhocail agus ar fhrásaí lárnacha is féidir a úsáid sa Ghaeilge scríofa agus labhartha. Tá QuickGuide™ Irish Grammar oiriúnach do scoláirí meánscoile agus tríú leibhéal, do mhúinteoirí agus d’fhoghlaimeoirí fásta na Gaeilge.

Tá cúrsa idirghníomhach atá bunaithe ar QuickGuide™ Irish Grammar ar fáil ag www.ranganna.com.

Earra(í) eile a thaitneodh leat, b'fhéidir