Fógra | Notice
Iarrtar ort d’ordú a chur i gcrích ar an suíomh faoin 7 Nollaig le do thoil má tá tú ag súil lena fháil in am don Nollaig.

Déanfaidh Siopa.ie gach iarracht orduithe na Nollag a phróiseáil chomh luath agus is féidir. Tá baol ann, áfach, nach seolfar orduithe a chuirtear i gcrích i ndiaidh an 7 Nollaig go dtí mí Eanáir.

Go raibh maith agat as do chustam.

Please ensure you complete your order on the site by 7 December if you hope to receive it before Christmas.

Siopa.ie will make every effort to process Christmas orders as quickly as possible. However, there is a risk that orders not completed by 7 December will not be shipped until January.

Thank you for your custom.
Dún
€12.70
Líon:
Peaca an tSinsir
Peaca an tSinsir
ISBN: 1900693291
Bliain foilsithe: 1996
Clúdach: Crua
Foilsitheoir: Cló Iar-Chonnacht

Gradam Litríochta Chló Iar-Chonnacht 1996.

Is mó an cháil atá ar John Berry, ollamh le Béarla in Ollscoil na mBunchnoc in iarthar Cheanada,ó thaobh na drúise de ná mar atá air de bharr an léinn. Beartaíonn sé dul amach ar pinsean luath nuair a thosaíonn líomhaintí faoina mhíiompar ag dul i dtreise. Tuilleadh ama aige, dá thairbhe seo, le caitheamh leis an ábhar taighde is ansa leis: dúnmharuithe liteartha agus dúnmharuithe neamhghnácha.

Cuireann sé suim mhór i ndúnmharú a rinne duine dá shinsir i gCo. Dhoire i dtús na haoise seo caite. Ding de féin a scoilteann an leamhán . . .

Earra(í) eile a thaitneodh leat, b'fhéidir