Fógra | Notice
Iarrtar ort d’ordú a chur i gcrích ar an suíomh faoin 7 Nollaig le do thoil má tá tú ag súil lena fháil in am don Nollaig.

Déanfaidh Siopa.ie gach iarracht orduithe na Nollag a phróiseáil chomh luath agus is féidir. Tá baol ann, áfach, nach seolfar orduithe a chuirtear i gcrích i ndiaidh an 7 Nollaig go dtí mí Eanáir.

Go raibh maith agat as do chustam.

Please ensure you complete your order on the site by 7 December if you hope to receive it before Christmas.

Siopa.ie will make every effort to process Christmas orders as quickly as possible. However, there is a risk that orders not completed by 7 December will not be shipped until January.

Thank you for your custom.
Dún
€9.50
Líon:
Filíocht agus Feannadh
Filíocht agus Feannadh
ISBN: 1-902420-18-7
Bliain foilsithe: 1999
Clúdach: Bog
Foilsitheoir: Cló Iar-Chonnacht

Filíocht agus naoi gcinn d’agallaimh bheirte.

‘Bíonn a shlí féin ag gach file is a chaint féin ag gach bard,’ a deir siad agus déanta na fírinne is maith ó Chóil Learaí Ó Fínneadha píosa a chumadh a d’fheilfeadh do chuile chineál ócáide.

Tá ainm gach loig, gach poill agus gach claise sa Lochán Beag, Indreabhán, ar a thoil aige agus is maith ann an cnuasach seo chun iad a bhuanú i gcuimhne mhuintir an bhaile. Tá idir ghreann, stair, pholaitíocht, agus ar ndóigh agallaimh bheirte sa chnuasach, agus cuireann filíocht agus feannadh an leabhair seo go mór le stóras litríochta Chois Fharraige agus Chonamara trí chéile.

Earra(í) eile a thaitneodh leat, b'fhéidir