PMM: €90.00
€50.00
Lascaine: 44%
Líon:
Returning Learner Bundle
Returning Learner Bundle
Gaeilge gan Stró! - Lower Intermediate Level (Leabhar), Gaeilge gan Stró! - Lower Intermediate Level (Cúrsa ar Líne - 3 mhí) agus QuickGuide Irish Grammar
Foilsitheoir: Gaelchultúr

Gaeilge gan Stró! Lower Intermediate Level (Leabhar)

Is cúrsa teanga ilmheán é Gaeilge gan Stró! – Lower Intermediate Level d’fhoghlaimeoirí fásta. Tá sé oiriúnach do dhaoine a bhfuil staidéar déanta acu ar an nGaeilge ag am éigin ina saol agus a thuigeann méid áirithe den teanga. Tá sé mar aidhm ag an gcúrsa seo muinín a thabhairt do dhaoine, scileanna teanga a mhúineadh dóibh a chuirfidh ar a gcumas cumarsáid a dhéanamh trí mheán na Gaeilge i gcomhthéacsanna laethúla agus cabhrú leo cainteoirí Gaeilge ó áiteanna éagsúla sa tír a thuiscint. Tá an bhéim ar fhorbairt scileanna labhartha agus éisteachta ach tugtar deiseanna don fhoghlaimeoir an teanga a scríobh agus a léamh freisin. Múintear an ghramadach i gcomhthéacs, de réir mar a bhíonn sí ag teastáil.

Is éard atá sa chúrsa seo ná leabhar agus 100+ comhaid fuaime gur féidir íoslódáil. Tá leagan ar líne den chúrsa ar fáil ar shuíomh ríomhfhoghlama Ghaelchultúir, www.ranganna.com. Is féidir an leabhar agus na comhaid fuaime a úsáid neamhspleách ar an gcúrsa ar líne.

Tá sé mar aidhm ag Gaeilge gan Stró! – Lower Intermediate Level cabhrú leo siúd a thabharfaidh faoin gcúrsa:

• cur go mór lena líofacht sa Ghaeilge;

• Gaeilge níos cruinne a labhairt;

• cur go mór lena stór focal;

• cainteoirí as canúintí éagsúla a thuiscint;

• cur lena scileanna léitheoireachta agus scríbhneoireachta;

• tuiscint a fháil ar ghnéithe éagsúla den ghramadach.

Is féidir an leabhar a úsáid leis féin nó leis an dá dhlúthdhiosca. Tá na comhráite sa leabhar le cloisteáil ar na dlúthdhioscaí.

Ta aonad samplach ar fáil anseo - Aonad 5: Laethanta Saoire agus Taisteal

Gaeilge gan Stró! Lower Intermediate Level (Cúrsa ar Líne - 3 mhí)

Gaeilge gan Stró! – Lower Intermediate Level oiriúnach do dhaoine a bhfuil staidéar déanta acu ar an nGaeilge ag am éigin ina saol agus a thuigeann méid áirithe den teanga ach nach raibh mórán deiseanna acu í a úsáid le blianta beaga anuas. Tá an bhéim ar fhorbairt scileanna labhartha agus éisteachta ach tá deiseanna ag an bhfoghlaimeoir an teanga a scríobh agus a léamh freisin. Múintear an ghramadach i gcomhthéacs, de réir mar a bhíonn sí ag teastáil.

Tá sé mar aidhm ag Gaeilge gan Stró! – Lower Intermediate Level cabhrú leo siúd a thabharfaidh faoin gcúrsa:

• Gaeilge i bhfad níos líofa a bheith acu;

• Gaeilge níos cruinne a bheith acu;

• cur go mór lena stór focal;

• cainteoirí as canúintí éagsúla a thuiscint;

• cur lena scileanna léitheoireachta agus scríbhneoireachta;

• tuiscint a fháil ar ghnéithe éagsúla den ghramadach.

QuickGuide™ Irish Grammar

Is áis atá an-éasca a úsáid é QuickGuide™ Irish Grammar ina ndírítear ar na príomhghnéithe de ghramadach na Gaeilge. Cuireann an dearadh nuálach agus an scéim dathanna ar chumas an úsáideora eolas a aimsiú go tapa, agus beidh na míniúcháin shoiléire sholéite ina gcabhair mhór acu siúd a úsáideann an Ghaeilge go rialta agus ag lucht foghlama na teanga araon.

Tá na míniúcháin ghramadaí as Béarla agus cuirtear aistriúchán ar fáil de na samplaí Gaeilge ar fad, rud a fhágann gur féidir le foghlaimeoirí ag gach leibhéal cumais an áis seo a úsáid. Tá an bhéim ar an teanga laethúil agus ar fhocail agus ar fhrásaí lárnacha is féidir a úsáid sa Ghaeilge scríofa agus labhartha. Tá QuickGuide™ Irish Grammar oiriúnach do scoláirí meánscoile agus tríú leibhéal, do mhúinteoirí agus d’fhoghlaimeoirí fásta na Gaeilge.

Tá cúrsa idirghníomhach atá bunaithe ar QuickGuide™ Irish Grammar ar fáil ag www.ranganna.com.

Earra(í) eile a thaitneodh leat, b'fhéidir