Bhí seanbhean ann tráth a raibh dúil as cuimse aici i mbláthanna agus i bplandaí áille. Bhí an teach aici lán go doras leo. Bean í a labhraíodh lena cuid bláthanna agus labhraídís léi. Bhí gach rud go breá go dtí gur thug sí bláth álainn ardnósach abhaile lá amháin. Níor thaitin an t-éirí in airde leis na plandaí eile. Bhí raic ann láithreach.