Drochbhliain ghruama d’Éirinn is ea 1847. Tá an drochshaol ann - an galar dubh ar na prátaí, é ag leathadh go rábach ar fud na tíre agus na mílte básaithe cheana féin. I gCo Mhaigh Eo tá an scéal go hainnis ag na bochtáin....
Tá Tomás Ó Máille agus a theaghlach réasúnta maith as, i gcomórtas le cuid dá gcomharsana. Ach fear garúil is ea Tomás agus nuair a chuirtear teaghlach as an gcomharsanacht as seilbh tugann sé an teaghlach uile agus cibé giuirléidí atá acu go Caisleán an Bharraigh. Turas cinniúnach a chuirfidh cor mór ina shaol....