Beidh an leabhar seo áisiúil do mhic léinn Ardteistméireachta – pas agus onóracha – agus díobhsean sa chéad bhliain san Ollscoil i gcás na matamaitice, na heacnamaíochta, na hinnealtóireachta, agus i gcás an leighis sa dara bliain.
Pléitear an dóchúlacht, iomalartuithe agus teaglamaí, an tsampláil agus an t-infeireas sa saothar seo. Léachtóir Sinsearach sa Roinn Staidrimh i gColáiste na Trionóide é an t-údar agus tá súil aige go meallfar gnathléitheoirí agus daoine fiosracha chuig an Staidreamh trí mheán na Gaeilge.