€24.95
Líon:
Gramadach gan Stró!
Gramadach gan Stró!
Eagrán 4 - 2016
ISBN: 978-0-9563614-9-3
Bliain foilsithe: 2016
Clúdach: Bog
Foilsitheoir: Gaelchultúr
Tá Gramadach gan Stró! dírithe ar dhaoine a bhfuil caighdeán réasúnta maith bainte amach acu sa Ghaeilge labhartha cheana féin ach ar mian leo feabhas a chur ar a gcuid gramadaí. Tá sé oiriúnach dóibh siúd nach dtuigeann leabhair ghramadaí de ghnáth agus a gcuireann rialacha casta mearbhall orthu.

Is é seo an ceathrú heagrán de ghraiméar móréilimh Ghaelchultúir, a bhfuil breis is 17,000 cóip de díolta ó foilsíodh den chéad uair é in 2008. Tá an t-eagrán nua méadaithe seo curtha in oiriúint don Chaighdeán Oifigiúil a foilsíodh in 2016 agus dírítear ann ar roinnt gnéithe den ghramadach nach raibh aon eolas tugtha fúthu san eagrán deireanach. Tá ceachtanna breise curtha ar fáil freisin.

D’fhéach an t-údar le simpliú a dhéanamh ar go leor de na rialacha agus de na moltaí atá le fáil sa Chaighdeán Oifigiúil agus rinne sé iarracht iad a chur i láthair ar bhealach simplí, sothuigthe.

Ní fhéachtar sa leabhar seo le cur síos cuimsitheach a thabhairt ar ghramadach na Gaeilge; tá na gnéithe is lárnaí den ghramadach sin roghnaithe ag an údar agus tá siad curtha i láthair go soiléir gonta. Ní bhaintear úsáid as téarmaíocht chasta ach tugtar neart samplaí chun patrúin éagsúla a léiriú.

Tá béim láidir sa leabhar ar úsáid laethúil na teanga agus tá eolas tugtha ann mar gheall ar na difríochtaí idir an rud a scríobhtar agus na leaganacha a bhíonn le cloisteáil sa chaint.

Tá ceachtanna le fáil i ngach aonad agus tá freagraí na gceachtanna sin tugtha ag deireadh an leabhair, rud a chabhróidh leis an úsáideoir agus é ag iarraidh greim a fháil ar na rialacha éagsúla.

Tá cúrsa cruinnis ar líne, bunaithe ar an leabhar, ar fáil ag www.ranganna.com.

Tá aonad samplach ar fáil anseo: Aonad 7: An Aidiacht 1 (An Aidiacht san Uatha agus san Iolra)

Earra(í) eile a thaitneodh leat, b'fhéidir