€10.00
Líon:
An Fómhar Deireanach
An Fómhar Deireanach
Peadar Bairéad
ISBN: 6660012220243
Clúdach: Bog
Foilsitheoir: Coiscéim

Rugadh Peadar Bairéad in lorras i gContae Mhaigh Eo sna 1920idí. Mar a léirigh a dhirbheathaisnéis Doirse Dé, chaith sé saol eachtrúil agus chonaic sé a lán ag athrú in Éirinn a linne. Scríbhneoir bisiúil a bhí ann i rith an ama. Chomh maith le scéal a bheatha, foilsíodh trí chnuasach filíochta leis, chomh maith le neart alt ar nuachtáin agus irisi.

Tar éis a bháis, tháinig a mhac Micheál ar dhánta leis a bhí á gcur le chéile aige mar chnuasach eile. Pléann siad leis na téamaí a spreag Peadar ar feadh a shaoil: an dúchas, an dúlra, an creideamh agus eile. Agus an file féin ag dul in aois, tá machnamh íogair aige ar an mbás, agus ar dhaoine eile dá phobal a chuaigh ar shlí na fírinne.

Tá na dánta curtha le chéile agus i láthair anseo ag a mhac. Seo an fómhar deireanach óna pheann, mar sin, agus a ghlór faoi leith le cloisteáil iontu go léir.

Earra(í) eile a thaitneodh leat, b'fhéidir