Fógra | Notice
Ní phróiseálfar aon ordú ar siopa.ie tar éis an 5 Nollaig 2025 go dtí mí Eanáir 2026.

Guímíd Nollaig mhór mhaith ort!

Go raibh maith agat as do chustam.



Orders placed on siopa.ie after 5 December 2025 will not be processed until January 2026.

We wish you a very happy Christmas!

Thank you for your custom.
Dún
€12.50
Líon:
Máire agus a Mála (Leabhar Mór)
Máire agus a Mála (Leabhar Mór)
ISBN: 9781857918397
Clúdach: Bog
Foilsitheoir: An Gúm

Leagan mór den leabhar cailiúil le Mairéad Ní Ghráda. Tá an oiread céanna éilimh ar a cuid leabhar inniu is a bhí nuair a foilsíodh iad den chéad uair. Baineann insint an scéil úsáid as frásaí simplí agus athrá chun abairtí beaga usáideacha i nGaeilge a mhúineadh. Sa scéal seo tá a mála beag deas imithe amú ar Mháire agus téann sí ar fud an bhaile ar a thóir. Ar an mbealach castar slua carachtairí as scéalta aitheanta uirthi, ina measc, na trí bhéirín, na trí mhuicín, agus neart carachtairí eile a aithneoidh an teaghlach ar fad. Ach cá bhfuil a mála?

Tá dlúthdhiosca san áireamh sa leabhar ar a bhfuil an téacs á léamh os ard.