Fógra | Notice
Ní phróiseálfar aon ordú ar siopa.ie tar éis an 5 Nollaig 2025 go dtí mí Eanáir 2026.

Guímíd Nollaig mhór mhaith ort!

Go raibh maith agat as do chustam.



Orders placed on siopa.ie after 5 December 2025 will not be processed until January 2026.

We wish you a very happy Christmas!

Thank you for your custom.
Dún
€9.00
Líon:
Raic
Raic
ISBN: ISBN 978-1-909907-60-7
Clúdach: Bog
Foilsitheoir: Leabhar Breac

Tá sé ina shamhradh arís in Oileán na Leice, agus gan ag déanamh imní do Chaitríona ach cén chaoi leis an tsaoire fhada a chaitheamh di féin, agus cén chaoi a meallfaidh Séamas Jim, dár ndóigh. Agus nach uirthi atá an ríméad nuair a éiríonn léi jab samhraidh a fháil sa ghnó a bhfuil Séamas ag obair ann! Ach in ainneoin a hiarrachtaí, is beag spéis a léiríonn sé inti. Chun éad a chuir air glacann sí le cuireadh dul amach le fear eile ar an oileán, fear óg a bhfuil suim aige inti, agus cuirtear tús le heachtraí a fhágann Caitríona í féin agus a cairde i mbaol a mbáite. Nasctar déagóireacht agus rómánsaíocht an tsamhraidh go paiteanta le scéinséir a bhaineann le gadaithe neamhscrupallacha agus le long lastais luachmhar ar thóin na farraige.

Bronnadh duais Oireachtais ar an úrscéal seo i gComórtais Liteartha an Oireachtais 2014.

Earra(í) eile a thaitneodh leat, b'fhéidir