PMM: €49.95
€0.00
Lascaine: 100%
Líon:
Bronntanas Gaeilge do Mhúinteoirí Bunscoile
Bronntanas Gaeilge do Mhúinteoirí Bunscoile
Faigh cóip saor in aisce de Réalta an Ranga (luach €49.95)
Foilsitheoir: Gaelchultúr

Cuir beocht úr i do rang Gaeilge le cluiche tomhais ildaite a spreagann daltaí le ceisteanna a chur, éisteacht go géar agus a gcuid Gaeilge a úsáid.

Praghas miondíola molta: €49.95. Faigh do chóip SAOR IN AISCE – níl le híoc agat ach postas agus pacáistiú.

In Réalta an Ranga tugann daltaí faoi dhúshlán le chéile agus spreagtar iad leanúint leis an gcomhrá. Agus iad ag plé le trí théama choitianta – gairmeacha beatha, spórt agus ainmhithe – sealbhaíonn siad stór focal úsáideach, téann siad i dtaithí ar cheisteanna a chur agus a fhreagairt agus cuireann siad eolas ar an difear idir an aimsir láithreach agus an aimsir ghnáthláithreach.

I ngach tacar, gheobhaidh tú:

  • 288 cárta ildaite, agus dóthain cóipeanna ann le go mbeidh suas le 32 foghlaimeoir in ann imirt ag an am céanna.

  • Leabhrán treorach ina bhfuil rialacha an chluiche agus míniú ar an ngramadach a úsáidtear le linn na himeartha.

  • Acmhainn ranga in-athúsáidte

Cibé acu atá tú ag daingniú stór focal, ag dul siar ar an ngramadach nó ag iarraidh athrú a chur ar ghnáthobair an ranga, tugann Réalta an Ranga deis do na foghlaimeoirí a gcuid Gaeilge a chleachtadh agus páirt ghníomhach a ghlacadh i ngníomhaíocht spraíúil.

Tá Gaelchultúr ag tairiscint cóip saor in aisce do mhúinteoirí le cur lena gcuid acmhainní teagaisc. Bain triail as i do chéad cheacht eile agus tabhair ábhar nua cainte do do dhaltaí – as Gaeilge.