Fógra | Notice
Iarrtar ort d’ordú a chur i gcrích ar an suíomh faoin 7 Nollaig le do thoil má tá tú ag súil lena fháil in am don Nollaig.

Déanfaidh Siopa.ie gach iarracht orduithe na Nollag a phróiseáil chomh luath agus is féidir. Tá baol ann, áfach, nach seolfar orduithe a chuirtear i gcrích i ndiaidh an 7 Nollaig go dtí mí Eanáir.

Go raibh maith agat as do chustam.

Please ensure you complete your order on the site by 7 December if you hope to receive it before Christmas.

Siopa.ie will make every effort to process Christmas orders as quickly as possible. However, there is a risk that orders not completed by 7 December will not be shipped until January.

Thank you for your custom.
Dún
Seán Mac Mathúna

Rugadh Seán Mac Mathúna i dTrá Lí, Co. Chiarraí. D’fhreastail sé ar Choláiste Bhréanainn i gCill Airne, agus ar Choláiste na hOllscoile, Corcaigh.

Foilsíodh gearrscéalta as Béarla leis go rialta in The Irish Times agus The Irish Press, agus as Gaeilge san iris Comhar. Thuill sé ionad ar leith dó féin mar ghearrscéalaí fíorchumasach leis an gcnuasach Ding (An Comhlacht Oideachais, 1983). Bhí cáil ar leith ar úire a shamhlaíochta agus go háirithe ar a acmhainn grinn.

I 1992, léirigh Amharclann na Mainistreach dráma leis, The Winter Thief/Gadaí Géar na Geamhoíche - ceithre oíche as Béarla in aghaidh na seachtaine, agus dhá oíche as Gaeilge, leis an bhfoireann chéanna – rud nach ndearnadh riamh cheana i stair na drámaíochta in Éirinn ná in aon tír eile ach oiread.

Sa bhliain 1999, foilsíodh Banana (Cois Life), an dara cnuasach gearrscéalta Gaeilge uaidh, agus bhuaigh an saothar sin Gradam Uí Shúilleabháin/Leabhar Gaeilge na bliana 1999. Léirigh Taibhdhearc na Gaillimhe a dhráma Hula Hul an bhliain chéanna sin. D’fhoilsigh Coiscéim novella leis, Scéal Eitleáin, in 2005. Bhí Ding agus Banana as cló, dá bhrí sin d’fhoilsigh Cois Life rogha scéalta leis faoin teideal Úlla (2005). Cuireadh athchló ó shin air.

Foilsíodh Hula Hul (Leabhar Breac) sa bhliain 2007. Léirítear scoth a shaothair sa chlosleabhar Niall Tóibín ag léamh gearrscéalta le Seán Mac Mathúna (Cois Life, 2009).

 

Tuilleadh ó Seán Mac Mathúna