Fógra | Notice
Fógra |


Tá siopa.ie ag feidhmiú arís agus táimid ag déanamh gach iarracht na horduithe a phróiseáil chomh luath agus is féidir.


D’fhéadfadh sé tarlú, áfach, go mbeadh moill ar d’ordú de dheasca na srianta atá i bhfeidhm faoi láthair. Gabhaimid leithscéal as aon mhíchaoithiúlacht.


Notice |


Siopa.ie is open and we are doing our very best to process orders as quickly as possible.


It is possible, however, that delivery time for your order may be longer than usual as a result of the current restrictions. We apologise for any inconvenience.
Dún
Eoghan Ó Tuairisc

Scríbhneoir, ealaíontóir agus múinteoir ba ea Eoghan Ó Tuairisc (1919-1982).

Rugadh i mBéal Átha na Sluaighe i gContae na Gaillimhe é sa bhliain 1919. Bhain sé cáilíocht amach mar mhúinteoir i 1939. Ghabh sé leis an arm sa bhliain chéanna sin agus chaith sé seal ann le linn Aimsir na hÉigeandála. Bhain sé máistreacht amach ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, i 1947 agus chaith sé beagnach tríocha bliain ag obair mar mhúinteoir i bhFionnghlas i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath.

Nuair a d’éirigh sé as an múinteoireacht i 1969, fuair sé post mar eagarthóir ar Feasta, iris Chonradh na Gaeilge.

Scríobh sé lear mór saothar – idir aistí, fhilíocht, dhrámaí agus úrscéalta – sa Bhéarla agus sa Ghaeilge. I measc na saothar is cáiliúla dá chuid, tá an scéinséir Béarla Murder in Three Moves (1960) agus an t-úrscéal Gaeilge L’Attaque (1962). Bhuaigh an dara leabhar sin, a thugann léargas ar imeachtaí Bhliain na bhFrancach i Maigh Eo, Bonn an Chraoibhín agus roinnt mórdhuaiseanna litríochta eile.

Ba chomhalta tionscnaimh d’Aosdána é.

 

Tuilleadh ó Eoghan Ó Tuairisc