Fógra | Notice
Ní phróiseálfar aon ordú ar siopa.ie tar éis an 5 Nollaig 2025 go dtí mí Eanáir 2026.

Guímíd Nollaig mhór mhaith ort!

Go raibh maith agat as do chustam.



Orders placed on siopa.ie after 5 December 2025 will not be processed until January 2026.

We wish you a very happy Christmas!

Thank you for your custom.
Dún
Noel Ó Gallchóir

Scríbhneoir agus drámadóir é Noel Ó Gallchóir atá ina chónaí i nGort an Choirce. Tá baint aige leis an Chumann Scoildrámaíochta le blianta fada agus bhí baint aige leis an Chomhlachas Náisiúnta Drámaíochta ó 1976 go 1996. Ba bhall é d’Aisteoirí Ghaoth Dobhair agus d’Aisteoirí Ghort an Choirce agus tá baint aige leis an Bhéal Binn agus le hÉigse Uladh. Tá gradaim náisiúnta buaite aige i gcomórtais éagsúla, lena n-áirítear an tOireachtas, Scór agus féilte drámaíochta. In 2011, chuir Noel an leabhar Trasna an Ghaoith: Scríbhinní Johnny Sheáin i dtoll a chéile, ar bailiúchán é de shaothar scríofa a athar, Seán Ó Gallchóir (1912–84). Tá aitheantas bainte amach ag Noel mar dhrámadóir le blianta beaga anuas agus camchuairteanna déanta aige leis na seónna Idir Dhá Cheann na hImní (2015), Ó Pheann an Phiarsaigh (2016) agus Máire (2019). Bronnadh Gradam Scríbhneoireachta Gaeilge Stewart Parker air in 2015.

 

Tuilleadh ó Noel Ó Gallchóir