Fógra | Notice
Iarrtar ort d’ordú a chur i gcrích ar an suíomh faoin 7 Nollaig le do thoil má tá tú ag súil lena fháil in am don Nollaig.

Déanfaidh Siopa.ie gach iarracht orduithe na Nollag a phróiseáil chomh luath agus is féidir. Tá baol ann, áfach, nach seolfar orduithe a chuirtear i gcrích i ndiaidh an 7 Nollaig go dtí mí Eanáir.

Go raibh maith agat as do chustam.

Please ensure you complete your order on the site by 7 December if you hope to receive it before Christmas.

Siopa.ie will make every effort to process Christmas orders as quickly as possible. However, there is a risk that orders not completed by 7 December will not be shipped until January.

Thank you for your custom.
Dún
údar
Éilís Ní Dhuibhne

Rugadh Éilís Ní Dhuibhne sa bhliain 1954 i mBaile Átha Cliath. Rinne sí BA sa Bhéarla agus máistreacht i Léann na Meánaoiseanna sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Bhuaigh sí scoláireacht béaloidis go dtí an Danmhairg (Ollscoil Chóbanhávan) agus bhain sí PhD amach sa Bhéaloideas i 1982.

Úrscéalaí, gearrscéalaí agus drámadóir sa Bhéarla agus sa Ghaeilge is ea í. Toghadh Éilís Ní Dhuibhne mar bhall d’Aosdána in 2003. Ainmníodh a saothar The Dancers Dancing ar ghearrliosta The Orange Prize for Fiction sa bhliain 2000. D’fhoilsigh Cois Life dhá dhráma léi, Milseog an tSamhraidh agus Dún na mBan Trí Thine, i 1997. Ar na drámaí eile atá scríofa ag Éilís tá The Nettle Spinner agus na drámaí le haghaidh raidió Casadh an Taperecorder agus Bábóga.

Tá gradaim iomadúla buaite aici, The Stewart Parker Award, The Bisto Book of the Year Award, agus sparánachtaí ón gComhairle Ealaíon i 1986 agus 1998 ina measc. Bhuaigh sí duaiseanna Oireachtais dá húrscéalta Dúnmharú sa Daingean, Hurlamboc agus Dún an Airgid in 2000, 2006 agus 2008 faoi seach. Ainmníodh Hurlamboc in 2007 do ghradam IBBY (International Board on Books for Young People). Ainmníodh Hurlamboc agus Dún an Airgid ar a seal ar ghearrliosta Ghradam Uí Shúilleabháin.

Is iad na príomhúrscéalta léi i mBéarla ná The Bray House, The Dancers Dancing agus Fox Swallow Scarecrow. Tá roinnt úrscéalta do dhaoine óga scríofa i mBéarla aici freisin: The Hiring Fair, Blueberry Sunday, Penny Farthing Sally, agus The Sparkling Rain. Is iad na cnuasaigh gearrscéalta dá cuid atá foilsithe ná Blood and Water, Eating Women is Not Recommended, The Inland Ice, The Pale Gold of Alaska, agus Midwife to the Fairies. Tá aistriúcháin dá cuid saothar ar fáil i nGearmáinis, Fraincis, Ollainnis, Danmhairgis, Rúisis, Slóivéinis agus teangacha eile nach iad.

Ba leabharlannaí í i Leabharlann Náisiúnta na hÉireann ar feadh na mblianta fada agus tá sí ag múineadh ar an MA sa Scríbhneoireacht Chruthaitheach sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath.

 

Tuilleadh ó Éilís Ní Dhuibhne