Cnuasach gearrscéalta a phléann téamaí shaol an lae inniu, idir shean agus nua: grá agus gruaim, fás agus dreo, titim agus éirí. Leabhar nua ó údar óg a bhain cáil amach lena chéad leabhar do dhéagóirí, Cúpla. Is cinnte go mbainfidh déagóirí an taitneamh céanna as an saothar seo. Buachaill siopa agus brionglóid aige éalú; súil siar ar Nollaig chrua gan trócaire; fear céile ag féachaint i ndiaidh a mhná fiú tar éis a bháis; bás tragóideach dearthár de dheasca faillí; agus beirt a bhfuil caidreamh acu le chéile ar an idirlíon amháin agus iad beirt ag iarraidh bob a bhualadh ar a chéile.