Gradam Litríochta Chló Iar-Chonnacht 2001.
“Leathan, scóipiúil, úr . . . i mbeagán focal pléisiúr a bhí ann é a léamh. Baineadh geit asam, mar is dual do ghearrscéal agus baineadh tuilleadh asam nó gur chríochnaigh mé an leabhar.” – Moltóirí Chomórtas
Ghradam Litríochta CIC
Leabhar is ea Na Seacht gCineál Meisce agus Finscéalta Eile atá fréamhaithe go daingean i scéalaíocht agus i seanchas na Gaeilge. Tugtar an léitheoir ar chamchuairt dhomhanda ó Éirinn go Talamh an Éisc, ó Ghaililí go hElba, agus ó Mheiriceá go dtí an Mhuir Dhearg.