Fógra | Notice
Ní phróiseálfar aon ordú ar siopa.ie tar éis an 5 Nollaig 2025 go dtí mí Eanáir 2026.

Guímíd Nollaig mhór mhaith ort!

Go raibh maith agat as do chustam.



Orders placed on siopa.ie after 5 December 2025 will not be processed until January 2026.

We wish you a very happy Christmas!

Thank you for your custom.
Dún
údar
Aodh Ó Gallchóir

Is as Gort an Choirce i nGaeltacht Thír Chonaill é Aodh Ó Gallchóir. D’fhreastail sé ar Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, áit ar bhain sé amach bunchéim sa Ghaeilge agus sa Tíreolaíocht in 2007 agus céim mháistir sa Nua-Ghaeilge in 2008. Chomh maith leis seo, tá Dioplóma Gairmiúil san Oideachas aige ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath.

Chaith Aodh tréimhsí ina eagarthóir cúnta le Cló Iar-Chonnacht agus leis an nGúm chomh maith le bheith ag obair mar mhúinteoir meánscoile agus mar aistritheoir don Fhoclóir Nua Béarla-Gaeilge.

Tá Aodh ag feidhmiú mar Bhainisteoir Sainchúrsaí le Gaelchultúr ó bhí Meán Fómhair 2012 ann.

 

Tuilleadh ó Aodh Ó Gallchóir