Cití – An chailleach is aite ar domhan!
Leagan Gaeilge le Liam Mac Cóil ar Winnie the Witch a d’fhoilsigh Oxford University Press i 1987. Tá an scéal seo ceaptha do ghasúir ó 8 mbliana go 11 bhliain.
Bhí cónaí ar Chití Cailleach i dteach dubh. Bhí mórán chuile shórt dubh sa teach sin – na cairpéid, na cathaoireacha, na pictiúir ar na ballaí, an leaba agus na braillíní féin. Bhí an folcadán dubh, go fiú. Ar ndóigh bhí an cat dubh freisin, rud a d’fhág fadhb ag an gCailleach. Ní bhíodh sí in ann é a fheiceáil nuair a bhíodh a shúile dúnta.....
Beidh tú faoi dhraíocht le Cití agus a cat á lorg aici!