Fómhar na bliana 1847 a bhí ann. Ní raibh Tomás Mac Lannchaidh ach deich mbliana d’aois nuair a tháinig an dubh ar na prátaí. Dá óige é ba rómhaith a thuig sé an scéal. Ní raibh ag a athair ach cúpla acra talún agus bhí an teaghlach, agus cuid mhaith de na comharsana, beo ar na prátaí. Thuig Tomás go dtiocfadh athrú ar a shaol, ach ní raibh súil aige le heachtra mhór ar an long go Meiriceá.