Idir na blianta 1909 agus 1916 scríobh Pádraic Mac Piarais drámaí i nGaeilge agus i mBéarla. Tá ceol agus amhráin luaite i nach mór chuile dhráma a scríobh sé agus is léir go raibh an ceol fíorthábhachtach i gcur chuige cruthaitheach an Phiarsaigh agus é ag scríobh agus ag léiriú na ndrámaí seo. Cé go ndeirtear faoin bPiarsach nach raibh bua an cheoil aige féin, tá sé ríshoiléir ón gcaoi a bhfuil ceol agus amhráin fite fuaite sna drámaí gur thuig sé cumhacht agus tionchar an cheoil ar lucht féachana. Cóiriú ar an gceol agus ar na hamhráin a luaitear sna drámaí atá i gceist leis an dlúthdhiosca seo. Tá leabhrán cuimsitheach eolais curtha ar fáil leis an dlúthdhiosca freisin.
Síle Denvir
Rugadh agus tógadh Síle Denvir in Indreabhán i nGaeltacht Chonamara. Is cláirseoir agus amhránaí sean-nóis í agus is ball í den ghrúpa Líadan. Tá suim faoi leith aici in amhránaíocht chomhaimseartha na Gaeilge agus d’fhoilsigh Cló Iar-Chonnacht a leabhar Dearcadh an tSaoil – Amhráin Chiaráin Uí Fhátharta, eagrán criticiúil d’amhráin a chum an t-amhránaí Ciarán Ó Fátharta - i 2008. Bhain sí amach céim PhD ó Ollscoil Luimnigh i 2012 agus is léachtóir í i Roinn na Gaeilge in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. Bíonn sí le cloisteáil agus le feiceáil go minic ar chláir raidió agus teilifíse mar thráchtaire ar chúrsaí ceoil agus amhránaíochta agus tá sí ina láithreoir ar an gclár ‘Sean-Nós’ ar TG4.