Fógra | Notice
Déanfaidh siopa.ie gach iarracht orduithe na Nollag a phróiseáil chomh luath agus is féidir. Tá baol ann, áfach, nach ndéanfar ordú a sheachadadh roimh an Nollaig de dheasca an choróinvíris agus na srianta atá i bhfeidhm timpeall an domhain. Má tá táirge á ordú agat lasmuigh d'Éirinn bí airdeallach ar dhátaí deireanacha seachadta An Post thíos.

Tá dátaí deireanacha seachadta An Post ar fáil anseo.

Glacfar le horduithe in Éirinn a bhaineann le táirgí de chuid Ghaelchultúir ar siopa.ie go dtí an 20 Nollaig 2020. Glacfar le horduithe in Éirinn a bhaineann le táirgí eile ar siopa.ie go dtí meán lae, an 16 Nollaig 2020. Déanfar aon ordú a gheofar tar éis an ama agus an dáta sin a phróiseáil i ndiaidh na Nollag.

Siopa.ie will make every effort to process Christmas orders as quickly as possible. However, there is a risk that an order may not be delivered before Christmas due to the coronavirus and the restrictions in place around the world. If you are placing an order from outside of Ireland please be aware of the last postal dates with An Post below.

Last postal dates with An Post here.

Orders within Ireland that relate to Gaelchultúr products will be accepted on siopa.ie until 20 December 2020. Any other orders within Ireland will be accepted on siopa.ie until midday, 16 December 2020. Any orders placed after that time and date will be processed after Christmas.
Dún
€30.00
Líon:
Amhrán is Fiche don Nollaig (CD-ROM / CD)
Amhrán is Fiche don Nollaig (CD-ROM / CD)
Bliain foilsithe: 2009
Clúdach: Bog
Foilsitheoir: Fios Feasa

CD-ROM ceoil eile ag leanúint ar rath Amhrán is Fiche. 21 amhrán traidisiúnta na Nollag á rá ag triúr amhránaithe cáiliúla ó Ghaeltachtaí difriúla. Bíonn na líricí go léir le feiscint ar an scáileán, agus bíonn liathróidín ag leanúint na bhfocal faid is a bhíonn an t–amhrán á rá. Is féidir an ceol a chur ar siúl gan an t–amhránaí chun an t–amhrán a rá sa stíl Karaoke.

I measc na nithe eile atá ar an CD, tá áis chun na líricí a phriontáil amach, aistriúcháin as Béarla, agus samplaí de cheachtanna bunaithe ar na hamhráin do mhúinteoirí. Tá party piece breise ag teastáil!

Na hamhránaithe:
Méabh Ní Bheaglaoich
Síle Denvir
Mairéad Ní Mhaonaigh

Liosta de na hamhráin:
Íosagán a Tháinig Chughainn
Dia do Bheatha a Naí Anocht
Bhí an Sneachta ag Titim
Seol Chughainn Síocháin
Insa Stábla
Na Leanaí i mBeithil
Le Coinnle na nAingeal
An Nollaig Theas
Dia do Bheatha a Naoidhe Naoimh
An Eipeafáine
An Leanbh Íosa
Ghluais an Dís
Seacht gCéad Déag Míle Fáilte
Don Oíche Úd i mBeithil
Coinnle an Linbh Íosa
Chuadar Siar is Aniar na Sráideanna
Chughainn do Seoladh Teachtaire Dé
Rug Muire Mac do Dhia
Soilse na Nollag
Cuireadh do Mhuire
Suantraí na Maighdine

Earra(í) eile a thaitneodh leat, b'fhéidir