Is é a dheireadh tús an scéil seo. Tá Sonaí Ó Giolla básaithe ach go bhfuil leithscéal ar a spiorad scaradh lena chorp. Téann sé siar ar bhóithrí na smaointe. A óige i mbaile an Leacain agus ar a chuid laethanta scoile, mar ar chuir sé aithne de chéaduair ar shaothar Karl Marx, a chuaigh go smior ann – ba shóisialaí é feasta. Na laethanta a chaith sé i Londain in éineacht le dream ón mbaile – dream a bhí chomh radacach leis-sean dá mb’fhíor dóibh féin é agus, go deimhin, dá mb’fhíor dósan é chomh maith. An bhean a phós é agus an iníon a bhí acu. Ach airíonn sé a chuid idéalachais á ídiú de réir a chéile ag a laigeachtaí féin, ag athrú aeráide is saoil. Agus is nuair a fhilleann siad ar an seanphaiste tar éis na blianta a bheith caite i Londain acu a fhíortar an sean-nath nach mar a shíltear a bhítear. Nó nach mar a síleadh a bheas amach anseo…