Fógra | Notice
Ní phróiseálfar aon ordú ar siopa.ie tar éis an 5 Nollaig 2025 go dtí mí Eanáir 2026.

Guímíd Nollaig mhór mhaith ort!

Go raibh maith agat as do chustam.



Orders placed on siopa.ie after 5 December 2025 will not be processed until January 2026.

We wish you a very happy Christmas!

Thank you for your custom.
Dún
publisher
Futa Fata

Tá Futa Fata ar cheann de na tithe foilsitheoireachta is mó fáis in Éirinn. Is ar pháistí agus daoine óga atá siad dírithe go príomha. Cuireann siad réimse leathan leabhar ar fáil do réimse leathan aoisghrúpaí, ó pháistí an-óg go déagóirí. Foilsíonn siad roinnt teideal chomh maith atá dírithe ar dhaoine fásta. Tá a gcuid leabhar á n-úsáid i scoileanna ar fud na hÉireann agus tá léitheoirí óga agus a dtuismitheoirí ag baint aoibhnis astu sa bhaile chomh maith céanna.

Ó tharla gur mar lipéad ceoil a bunaíodh Futa Fata an chéad lá riamh, tá suim ar leith acu sa cheol agus i rannta, idir ábhar traidisiúnta agus ábhar nuachumtha. Tá tóir an-mhór ar na cnuasaigh amhrán agus rannta atá foilsithe acu i bhfoirm dlúthdhiosca agus leabhar.

 

Tuilleadh ó Futa Fata