PMM: €75.00
€40.00
Lascaine: 47%
Líon:
An Beart Cruinnis - Notre Dame
An Beart Cruinnis - Notre Dame
Gramadach gan Stró (Book), Gramadach gan Stró! (Cúrsa ar Líne - 3 mhí) agus QuickGuide Irish Grammar
Foilsitheoir: Gaelchultúr

Gramadach gan Stró! (Leabhar)

Is é seo an tríú heagrán de ghraiméar móréilimh Ghaelchultúir, a bhfuil 10,000 cóip de díolta ó foilsíodh den chéad uair é in 2008. San eagrán nua méadaithe seo, dírítear ar roinnt gnéithe den ghramadach nach raibh aon eolas tugtha fúthu sa chéad dá eagrán agus tá neart ceachtanna breise curtha ar fáil freisin.

D’fhéach an t-údar le simpliú a dhéanamh ar go leor de na rialacha agus de na moltaí atá le fáil sa Chaighdeán Oifigiúil Athbhreithnithe agus rinne sé iarracht iad a chur i láthair ar bhealach simplí, sothuigthe.

Gramadach gan Stró! dírithe ar dhaoine a bhfuil caighdeán réasúnta maith bainte amach acu sa Ghaeilge labhartha cheana féin ach ar mian leo feabhas a chur ar a gcuid gramadaí. Tá sé oiriúnach dóibh siúd nach dtuigeann leabhair ghramadaí de ghnáth agus a gcuireann rialacha casta mearbhall orthu.

Ní fhéachtar sa leabhar seo le cur síos cuimsitheach a thabhairt ar ghramadach na Gaeilge; tá na gnéithe is lárnaí den ghramadach sin roghnaithe ag an údar agus tá siad curtha i láthair go soiléir gonta. Ní bhaintear úsáid as téarmaíocht chasta ach tugtar neart samplaí chun patrúin éagsúla a léiriú.

Tá béim láidir sa leabhar ar úsáid laethúil na teanga agus tá eolas tugtha ann mar gheall ar na difríochtaí idir an rud a scríobhtar agus na leaganacha a bhíonn le cloisteáil sa chaint. Tá ceachtanna le fáil i ngach aonad agus tá freagraí na gceachtanna sin tugtha ag deireadh an leabhair, rud a chabhróidh leis an úsáideoir agus é ag iarraidh greim a fháil ar na rialacha éagsúla.

Tá aonad samplach ar fáil anseo: Aonad 7: An Aidiacht 1 (An Aidiacht san Uatha agus san Iolra)

Gramadach gan Stró! (Cúrsa ar Líne - 3 mhí)

Gramadach gan Stró! dírithe ar dhaoine a bhfuil caighdeán réasúnta maith bainte amach acu sa Ghaeilge labhartha cheana féin ach ar mian leo feabhas a chur ar a gcuid gramadaí agus cur lena saibhreas sa teanga. Tá an cúrsa seo oiriúnach dóibh siúd nach dtuigeann cúrsaí gramadaí de ghnáth agus a gcuireann rialacha casta mearbhall orthu. Tá béim láidir ar úsáid laethúil na Gaeilge agus eolas tugtha mar gheall ar na difríochtaí idir an rud a scríobhtar agus na leaganacha a bhíonn le cloisteáil sa chaint.

Ní fhéachtar sa chúrsa le cur síos cuimsitheach a thabhairt ar ghramadach na Gaeilge; dírítear ar na gnéithe is lárnaí den ghramadach sin agus mínítear iad ar bhealach soiléir, gonta. Ní bhaintear úsáid as téarmaíocht chasta ach tugtar neart samplaí chun patrúin éagsúla a léiriú.

Tá ábhar breise san eagrán seo den chúrsa – dírítear ar roinnt gnéithe den ghramadach nach raibh aon eolas tugtha fúthu sna heagráin roimhe seo.

QuickGuide™ Irish Grammar

Is áis atá an-éasca a úsáid é QuickGuide™ Irish Grammar ina ndírítear ar na príomhghnéithe de ghramadach na Gaeilge. Cuireann an dearadh nuálach agus an scéim dathanna ar chumas an úsáideora eolas a aimsiú go tapa, agus beidh na míniúcháin shoiléire sholéite ina gcabhair mhór acu siúd a úsáideann an Ghaeilge go rialta agus ag lucht foghlama na teanga araon.

Tá na míniúcháin ghramadaí as Béarla agus cuirtear aistriúchán ar fáil de na samplaí Gaeilge ar fad, rud a fhágann gur féidir le foghlaimeoirí ag gach leibhéal cumais an áis seo a úsáid. Tá an bhéim ar an teanga laethúil agus ar fhocail agus ar fhrásaí lárnacha is féidir a úsáid sa Ghaeilge scríofa agus labhartha. Tá QuickGuide™ Irish Grammar oiriúnach do scoláirí meánscoile agus tríú leibhéal, do mhúinteoirí agus d’fhoghlaimeoirí fásta na Gaeilge.

Tá cúrsa idirghníomhach atá bunaithe ar QuickGuide™ Irish Grammar ar fáil ag www.ranganna.com.