Fógra | Notice
Déanfaidh siopa.ie gach iarracht orduithe na Nollag a phróiseáil chomh luath agus is féidir. Tá baol ann, áfach, nach ndéanfar ordú a sheachadadh roimh an Nollaig de dheasca an choróinvíris agus na srianta atá i bhfeidhm timpeall an domhain. Má tá táirge á ordú agat lasmuigh d'Éirinn bí airdeallach ar dhátaí deireanacha seachadta An Post thíos.

Tá dátaí deireanacha seachadta An Post ar fáil anseo.

Glacfar le horduithe in Éirinn a bhaineann le táirgí de chuid Ghaelchultúir ar siopa.ie go dtí an 17 Nollaig 2021. Glacfar le horduithe in Éirinn a bhaineann le táirgí eile ar siopa.ie go dtí meán lae, an 15 Nollaig 2021. Déanfar aon ordú a gheofar tar éis an ama agus an dáta sin a phróiseáil i ndiaidh na Nollag.

Siopa.ie will make every effort to process Christmas orders as quickly as possible. However, there is a risk that an order may not be delivered before Christmas due to the coronavirus and the restrictions in place around the world. If you are placing an order from outside of Ireland please be aware of the last postal dates with An Post below.

Last postal dates with An Post here.

Orders within Ireland that relate to Gaelchultúr products will be accepted on siopa.ie until 17 December 2021. Any other orders within Ireland will be accepted on siopa.ie until midday, 15 December 2021. Any orders placed after that time and date will be processed after Christmas.
Dún
€7.50
Líon:
Éalú as an Lios
Éalú as an Lios
ISBN: 9781909907966
Bliain foilsithe: 2015
Clúdach: Bog
Foilsitheoir: Leabhar Breac

Is sióg óg í Luisne atá ina cónaí faoi Lios Lurgain i nDomhan na Sí. Agus í ag foghlaim faoi shaol na sí agus faoi dhomhan na ndaoine, tarlaíonn go leor eachtraí di féin agus dá cairde. Beidh bainis mhór i Lios Lurgain! Tá deartháir Luisne, Lugh, le pósadh lena ghrá geal, Eimhear. Tá cuireadh ag Luisne agus Deirdre agus ag na sióga óga ar fad chuig an mbainis agus tá siad ar bís ag fanacht leis an lá mór. Ach ní bhfuair gach aon duine cuireadh. Tá sióg ghránna amháin nach bhfuil sásta nach bhfuair seisean cuireadh chuig an mbainis, agus nuair a thagann sé chuig an mbainis ní ceiliúradh ata ar intinn aige!

Earra(í) eile a thaitneodh leat, b'fhéidir