€25.00
Líon:
Déan Dráma 3
Déan Dráma 3
ISBN: 9781784441319
Clúdach: Bog
Foilsitheoir: Cló Iar-Chonnacht

Leabhar agus Dhá Dhlúthdhiosca • Trí dhráma do ranganna 3 - 6 • Na hamhráin agus an fuaimrian ar dhlúthdhiosca • Feiliúnach mar cheol agus amhráin le húsáid sa seomra ranga freisin. • Focail na n-amhrán agus nodaireacht cheoil

Ar rang a trí go rang a sé atá an cnuasach drámaí seo dírithe. Tugtar treoracha soiléire maidir le stáitsiú agus cur i láthair na ndrámaí, agus tá dlúthdhiosca le gach dráma ar a bhfuil na hamhráin go léir chomh maith le fuaimrian na n-amhrán.

Tá súil ag na húdair go rachaidh an leabhar seo chun tairbhe do mhúinteoirí i nGaelscoileanna agus i scoileanna Gaeltachta agus go gcabhróidh sé leo drámaí simplí, bríomhara a chur ar stáitse. Ó tharla go bhfuil na scripteanna féin simplí le cuid mhór athrá agus go bhfuil focail na n-amhrán soiléir, is féidir úsáid a bhaint as na drámaí seo i scoileanna nach Gaelscoileanna nó scoileanna Gaeltachta iad.

Earra(í) eile a thaitneodh leat, b'fhéidir