Iarrtar ort d’ordú a chur i gcrích ar an suíomh faoin 7 Nollaig le do thoil má tá tú ag súil lena fháil in am don Nollaig.
Déanfaidh Siopa.ie gach iarracht orduithe na Nollag a phróiseáil chomh luath agus is féidir. Tá baol ann, áfach, nach seolfar orduithe a chuirtear i gcrích i ndiaidh an 7 Nollaig go dtí mí Eanáir.
Go raibh maith agat as do chustam.
Please ensure you complete your order on the site by 7 December if you hope to receive it before Christmas.
Siopa.ie will make every effort to process Christmas orders as quickly as possible. However, there is a risk that orders not completed by 7 December will not be shipped until January.
Thank you for your custom.
Dún
Lámh Mharbh Abú!
ISBN: 9781784441272
Bliain foilsithe: 2015
Clúdach: Bog
Ceithre scéal mistéire atá sa tsraith Scéalta Scéine agus iad feiliúnach do léitheoirí idir 8 agus 11 bliain d’aois. Leabhair ghairid sciobtha atá iontu atá feiliúnach do dhaoine óga atá ag iarraidh barr feabhais a chur ar a scileanna léitheoireachta. Máirín Ní Ghadhra agus Gormfhlaith Ní Thuairisg, iriseoirí le RTÉ Raidió na Gaeltachta, a d’aistrigh go Gaeilge nádúrtha an lae inniu. Is i mBéarla a foilsíodh den chéaduair iad agus is é an scríbhneoir Andrew Fusek Peters a scríobh. Tá na leaganacha i nGaeilge foilsithe ag Cló Iar-Chonnacht le tacaíocht ó COGG.
Lámh Mharbh Abú!
Nuair a chloiseann na bleachtairí óga Ben agus Sam cnag ar an doras, céard a bheadh rompu ach lámh chnámharlaigh agus é sa tóir ar a chorp! Mistéir, dainséar agus cnámha ar iarraidh.
Earra(í) eile a thaitneodh leat, b'fhéidir