Aois: 4+ Leibhéal teanga: ag foghlaim uimhreacha In úsáid: teaghlaigh, scoileanna, naíonraí
Tá cúig phaca cárta sa bhosca seo, gach ceann acu ar théama éagsúil d’uimhreacha: comhaireamh airgid, gnáthuimhreacha, daoine, dátaí agus an t-am. Cluichí ‘snap’ atá ann, agus is bealach an-spraíúil é seo le huimhearthacht a fhoghlaim.