Fógra | Notice
Ní phróiseálfar aon ordú ar siopa.ie tar éis an 5 Nollaig 2025 go dtí mí Eanáir 2026.

Guímíd Nollaig mhór mhaith ort!

Go raibh maith agat as do chustam.



Orders placed on siopa.ie after 5 December 2025 will not be processed until January 2026.

We wish you a very happy Christmas!

Thank you for your custom.
Dún
€7.50
Líon:
Romeo agus Juliet
Romeo agus Juliet
ISBN: 9781 911363 07 1
Bliain foilsithe: 2016
Clúdach: Bog
Foilsitheoir: Leabhar Breac

Sa leabhar pictiúr gleoite seo sa tsraith ‘Clasaicí Beaga Bídeacha’ déantar athinsint do pháistí ar cheann de chlasaicí móra na hEorpa. Fadó, i Verona na hIodáile a mhair Romeo agus Juliet. Cé go raibh fuath ag a muintir dá chéile, bhí Romeo agus Juliet go mór i ngrá. Ach tháinig an chinniúint agus a muintir féin sa bhealach ar an ngrá, agus tháinig deireadh tragóideach leis. I nGaeilge shimplí shoiléir, agus le pictiúir den scoth, cuirtear an seanscéal álainn seo faoi bhráid an pháiste den chéad uair. Leabhar é seo a dhúiseoidh samhlaíocht an pháiste.

Sraith sé leabhar pictiúr lándaite do léitheoirí óga atá sa bhailiúchán ‘Clasaicí Beaga Bídeacha’. Ar na leabhair sa bhailiúchán tá An Odaisé, Romeo agus Juliet, Frankenstein, Oileán an Órchiste, Don Cíochótae, agus Camchuairt Ghuilivéir.

I Sasana a rugadh William Shakespeare sa 16ú hAois. Tá Romeo agus Juliet ar cheann de na drámaí is cáiliúla leis. Is é Darach Ó Scolaí a chuir Gaeilge ar an eagrán giorraithe seo do pháistí.

Earra(í) eile a thaitneodh leat, b'fhéidir