Fógra | Notice
Iarrtar ort d’ordú a chur i gcrích ar an suíomh faoin 7 Nollaig le do thoil má tá tú ag súil lena fháil in am don Nollaig.

Déanfaidh Siopa.ie gach iarracht orduithe na Nollag a phróiseáil chomh luath agus is féidir. Tá baol ann, áfach, nach seolfar orduithe a chuirtear i gcrích i ndiaidh an 7 Nollaig go dtí mí Eanáir.

Go raibh maith agat as do chustam.

Please ensure you complete your order on the site by 7 December if you hope to receive it before Christmas.

Siopa.ie will make every effort to process Christmas orders as quickly as possible. However, there is a risk that orders not completed by 7 December will not be shipped until January.

Thank you for your custom.
Dún
€10.00
Líon:
An Nollaig Thiar
An Nollaig Thiar
ISBN: 9781784441517
Bliain foilsithe: 2016
Clúdach: Bog
Foilsitheoir: Cló Iar-Chonnacht

Feiliúnach do léitheoirí óga (Ranganna 5 & 6) chomh maith le déagóirí agus léitheoirí fásta. Eagrán nua de thuairisc cháiliúil Bhreandán Uí Éithir ar a óige ar Inis Mór in Árainn. Turas chuig campa géibheann san Oir-Ghearmáin tráth a raibh an Cogadh Fuar faoi lán seoil, creid é nó ná creid, a spreag Breandán Ó hEithir chun dul siar ar bhóithrín na smaointe agus an Nollaig mar a bhí in Árainn a óige a thabhairt chun cuimhne. Cur síos ar shaol an oileáin chomh maith le cuimhní cinn atá sa leabhar gleoite seo, ina gcíortar an chaoi a gcaití an Nollaig ann chomh maith le míle ní eile a bhain le saol agus slí mhaireachtála an oileáin fré chéile. Nósanna, traidisiúin agus daoine atá imithe go deo anois, agus mar a deir an t-údar i líne dheireanach an leabhair, “Ní bheidh an Nollaig thiar go deo arís mar a bhíodh.”

Earra(í) eile a thaitneodh leat, b'fhéidir