Fógra | Notice
Déanfaidh siopa.ie gach iarracht orduithe a phróiseáil chomh luath agus is féidir. Tá baol ann, áfach, go mbeidh moill ann de dheasca an choróinvíris agus na srianta atá i bhfeidhm timpeall an domhain.
Gabhaimid leithscéal as aon mhíchaoithiúlacht.

Siopa.ie will make every effort to process orders as quickly as possible. However, there is a risk that an order may be delayed due to the coronavirus and the restrictions in place around the world.
We apologise for any inconvenience.
Dún
€15.00
Líon:
Solas ar na dumhchannaí: Aistí I gCuimhne ar Mhuiris Ó Meara
Solas ar na dumhchannaí: Aistí I gCuimhne ar Mhuiris Ó Meara
ISBN: 9780993494635
Bliain foilsithe: 2016
Clúdach: Bog
Foilsitheoir: Comhar

Ba mhór an stangadh a baineadh as pobal na Gaeilge nuair a cailleadh Muiris Ó Meara go hóg i samhradh na bliana 2014. Bhí an-ghealadh faoi Mhuiris mar scoláire agus mar scríbhneoir cruthaitheach. Iarradh ar chairde agus ar léachtóirí Mhuiris aistí acadúla a sholáthair don chnuasach aistí seo. Cuimsíonn na haistí seo na réimsí spéise a bhí ag Muiris féin: an scannánaíocht, an chritic chultúrtha, an amhránaíocht, an fhilíocht agus an Cumann Lúthchleas Gael. Léiríonn na haistí seo éagsúlacht agus feabhas na smaointeoireachta i Léann na Gaeilge faoi láthair, gort ar chuir Muiris go mór leis agus é ina bheatha. Chuaigh sé i bhfeidhm go mór ar dhaoine sna hinstitiúidí éagsúla ar fhreastail sé orthu in Éirinn agus thar lear, agus tá a rian sin le sonrú ar an mbailiúchán aistí seo.

Earra(í) eile a thaitneodh leat, b'fhéidir