‘Cá bhfuil tusa ag dul?’ arsa mo mháthair liom agus mé in aice an dorais. ‘Amach,’ arsa mise. ‘Cá bhfuil amach?’ ar sise. ‘Tá amach an-mhór.’ ‘Amach ansin,’ arsa mise, mo mhéar á síneadh agam i dtreo na sráide, ‘tá a fhios agat.’ ‘Níl a fhios agam,’ ar sise. ‘Níl a fhios agam ar chor ar bith.’