Fógra | Notice
Iarrtar ort d’ordú a chur i gcrích ar an suíomh faoin 7 Nollaig le do thoil má tá tú ag súil lena fháil in am don Nollaig.

Déanfaidh Siopa.ie gach iarracht orduithe na Nollag a phróiseáil chomh luath agus is féidir. Tá baol ann, áfach, nach seolfar orduithe a chuirtear i gcrích i ndiaidh an 7 Nollaig go dtí mí Eanáir.

Go raibh maith agat as do chustam.

Please ensure you complete your order on the site by 7 December if you hope to receive it before Christmas.

Siopa.ie will make every effort to process Christmas orders as quickly as possible. However, there is a risk that orders not completed by 7 December will not be shipped until January.

Thank you for your custom.
Dún
€7.00
Líon:
An Seachtar Stuama: Tráthnóna leis an Seachtar
An Seachtar Stuama: Tráthnóna leis an Seachtar
ISBN: 9781784441586
Clúdach: Bog
Foilsitheoir: Cló Iar-Chonnacht

Aistriúchán go Gaeilge den tsraith ‘The Secret Seven’ le hEnid Blyton. Tá sé leabhar sa tsraith The Secret Seven : An Seachtar Stuama foilsithe ag Cló Iar-Chonnacht agus iad scríofa i nGaeilge bhreá nádúrtha ag meitheal aistritheoirí.

Díríonn na leaganacha Gaeilge ar an deartháir agus deirfiúr Peadar agus Sinéad, agus a gcairde Jeaic, Cóil, Gearóid, Neansaí agus Bairbre. Le chéile is iad an Seachtar Stuama agus iad faoi réir chun mistéirí a réiteach, ag am ar bith in áit ar bith.

Sa leabhar seo, ‘Tráthnóna Leis an Seachtar,’ tá Peadar i gceannas ar chábán chluiche na bhfáinní ag an aonach siamsaíochta, ach nuair a thairgeann Ferdia an deis dhó a dhul ag marcaíocht ar chapaillín, as go brách leis, agus fágtar Sceolán i gceannas an chábáin. Ach nuair a fhilleann Peadar tá Sceolán agus an t-airgead ar iarraidh. Céard atá ar siúl? Is í Caitlín Ní Chualáin a d’aistrigh an leabhar seo go Gaeilge

Earra(í) eile a thaitneodh leat, b'fhéidir