Fógra | Notice
Iarrtar ort d’ordú a chur i gcrích ar an suíomh faoin 7 Nollaig le do thoil má tá tú ag súil lena fháil in am don Nollaig.

Déanfaidh Siopa.ie gach iarracht orduithe na Nollag a phróiseáil chomh luath agus is féidir. Tá baol ann, áfach, nach seolfar orduithe a chuirtear i gcrích i ndiaidh an 7 Nollaig go dtí mí Eanáir.

Go raibh maith agat as do chustam.

Please ensure you complete your order on the site by 7 December if you hope to receive it before Christmas.

Siopa.ie will make every effort to process Christmas orders as quickly as possible. However, there is a risk that orders not completed by 7 December will not be shipped until January.

Thank you for your custom.
Dún
€12.00
Líon:
Lámh, Lámh Eile
Lámh, Lámh Eile
ISBN: 9781784441807
Clúdach: Bog
Foilsitheoir: Cló Iar-Chonnacht

Úrscéal cruabhruite bleachtaireachta. Baineann le hÉirinn na linne, go deimhin ní hea amháin le tír na hÉireann ach le hoileán na hÉireann féin. Ní tharlaíonn aon eachtra ar na hoileáin taobh amuigh den chósta ach tá eachtraí anseo atá suite i mBaile Átha Cliath, i mBéal Feirste, i gCill Chainnigh, i gContae na Mí, i gCorcaigh, i nGaillimh, i nDoire Cholm Cille agus in áiteanna eile idir eatarthu.

Is é atá sa bhunscéal ná cé leis na lámha? Tagann bean tincéara, nó den lucht siúil anois, go dtí an bleachtaire príobháideach Shamus ag iarraidh air cén duine nó dream a bhain an lámh dá fear céile, agus a bhfuil aici dó i dtaisce i mbosca bróg. Is gairid go bhfaigheann Shamus amach go bhfuil lámha eile i gceist, lámha a bhaineann le hiarmhairt an chogaidh i dTuaisceart na hÉireann.

Ní foláir dár mbleachtaire an scéal a thaighdeadh siar go bun. Is léir ceangal éigin, dá dhiamhaire é, a bheith idir na lámha a teascadh ó dheas agus ó thuaidh. Is é sin a thugann air camchuaird na tíre a thabhairt ag lorg na fianaise atá uaidh.

Tá an uile rud anseo, bleachtairí ar cuma leo, Gardaí a bhfuil a bpraghas acu (b’fhéidir), Rúisigh le hiomad airgid, lucht siúil barbartha agus béasach, iománaithe ar an gclaí, mná an leanna a thuigeann agus nach dtuigeann, ach thar aon rud eile, léargas ar an taobh sin de shaol na nÉireann nach bhfeictear ach sna cinnlínte.

Ina theannta sin, áfach, tá gearrachaint agus greannchaint agus gráinchaint ar dual don saghas seo litríochta í. Dúirt léitheoir amháin gurb é an t-úrscéal Gaeilge is greannmhaire ó An Béal Bocht é.

Earra(í) eile a thaitneodh leat, b'fhéidir